Tá an feachtas seo thart anois. Le linn mhí Eanáir 2025, d'úsáid 1330 agaibh an uirlis seo chun teagmháil a dhéanamh le Fianna Fáil agus le Fine Gael maidir le tosaíochtaí na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Chlár Rialtais nua. Tá roinnt rudaí dearfacha bainte amach:

  • Ceapadh Dara Calleary mar Aire Sinsearach don Ghaeltacht, an chéad Aire Sinsearach don Ghaeltacht le 14 bliain anuas
  • Tá mír iomlán maidir le tithíocht sa Ghaeltacht sa Chlár Rialtais nua, ábhar nach bhfuair tagairt ar bith i gClár Rialtais 2020
  • Tá gealltanas tugtha obair a dhéanamh ar churaclaim na Gaeilge a ailiniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach

… ach tá easnaimh mhóra ann freisin:

  • Níl tagairt ar bith do mhaoiniú suntasach breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
  • Fágadh na héilimh shoiléire, shonracha maidir le tithíochta sa Ghaeltacht ar lár - agus ní léir ón méid a cuireadh san áireamh sa mhír cén fheidhm a bheidh leis na gealltannais
  • I gClár Rialtais 2020 leagadh sprioc rialtais amach chun obair i dtreo líon na ndaltaí san oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt - níl tagairt sa Chlár Rialtais nua ach go “tacú le tuismitheoirí a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí”

Tá neart oibre fós le déanamh, mar sin coimeád súil amach don chéad ghníomh eile...

Tá achoimre ar chomhlíonadh na n-éileamh ón bhfeachtas seo sa Chlár Rialtais ar fáil ag an nasc seo.

Cé go maireann pobal labhartha Gaeilge beo bríomhar, agus go bhfuil tábhacht nach beag ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht do sciar mór daoine ina gcónaí sa tír seo, déantar imeallú leanúach ar an teanga agus ar an bpobal teanga sa dhioschúrsa polaitiúil agus eacnamaíoch.

Tá téarma rialtais nua ar na bacáin, agus cé go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh na páirtithe céanna i gcumhacht aríst, beidh Clár Rialtais nua le cur le chéile acu.

Teastaíonn uainn an deis tráthúil seo a thapú agus brú breise a chur ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil athruithe suntasacha a dhéanamh chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta - agus ár n-éileamh a chur san áireamh sa Chlár Rialtais nua.

Líon isteach do shonraí thíos agus seolfar ríomhphost ar do shon chuig Teachtaí Dála Fhine Gael agus Fhianna Fáil i do dháilcheantar, le CC chuig Ceannairí agus Leas-Cheannairí a bpáirtithe.

Díríonn an ríomhphost ar an 4 éileamh a pléadh leis na páirtithe le linn an fheachtais olltoghcháin: maoiniú, oideachas, tithíocht sa Ghaeltacht agus Aire Sinsearach. Iarrann sé ar na Teachtaí Dála na ceisteanna seo a phlé lena gceannairí páirtí, agus iad a chur chun cinn le bheith san áireamh sa Chlár Rialtais.

Tá rogha agat na héilimh ar fad a chur san áireamh sa ríomhphost, nó cinn áirithe a phiocadh.

Roghnaigh na hábhair ar mian leat a ardú sa ríomhphost: